CRAIC AGUS CEOL LE SEACHTAIN NA GAEILGE I dTÍR CHONAILL

first_imgTá neart imeachtaí speisialta ar siúl ar fud an chontae Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh idir 5ú-17ú Márta.Ó Ghleann Cholm Cille go Ros Goill, tá rincí, ceol agus tráth na gceist chomh maith le ceardlanna i mbailte ar fud Tir Chonaill- tá rud éigin do gach duine.Tá go leor pearsantachtaí cáiliúla i ndiaidh a bheith bainteach leis an fhéile le cúpla bliain anuas, aisteoirí, laochra spóirt agus ceoltóirí ina measc. Is iad an t-iardhornálaí proifisiúnta Éireannach Bernard Dunne agus an láithreoir teilifíse Craig Doyle atá mar ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge i mbliana.Roghnaíodh iad toisc go bhfuil an-chion ag an bheirt acu ar an Ghaeilge agus is cinnte go gcuideoidh siad le próifíl na féile a ardú.Arsa Dunne: “Tá áthas orm go bhfuil mé bainteach le Seachtain na Gaeilge mar tá paisean pearsanta agam don teanga. Tá mo bheirt pháistí sa naíonra áitiúil, agus tá mé féin ag baint taitnimh as foghlaim na teanga”.Is léir go bhfuil Doyle chomh tógtha céanna leis an teanga agus é i mbun iarrachta í a fhoghlaim arís. “Tá mé féin ag tabhairt faoi fhoghlaim na teanga faoi láthair i ndiaidh na mblianta, agus déanaim gach iarracht í a úsáid le mo chuid páistí sa bhaile.” Tabhair cuairt ar shuíomh Seachtain na Gaeilge ag www.snag.ie agus déan cuardach ar céard atá ar siúl i do cheantar le linn na féile.Click: http://www.snag.ie/?search-class=DB_CustomSearch_Widget-db_customsearch_widget&widget_number=preset-default&cs-all-0=donegal&cs-post_title-1=&search=CuardaighCRAIC AGUS CEOL LE SEACHTAIN NA GAEILGE I dTÍR CHONAILL was last modified: March 6th, 2011 by gregShare this:Click to share on Facebook (Opens in new window)Click to share on Twitter (Opens in new window)Click to share on LinkedIn (Opens in new window)Click to share on Reddit (Opens in new window)Click to share on Pocket (Opens in new window)Click to share on Telegram (Opens in new window)Click to share on WhatsApp (Opens in new window)Click to share on Skype (Opens in new window)Click to print (Opens in new window)last_img read more